Tógáil stoic – caoirigh agus eallach. Ní raibh deontais ar bith ann san am sin mar atá anois. Thugtaí na hainmhithe siar an Chlochán Liath chuig an aonaigh lena ndíol. Bhíodh na mná ag cniotáil le hairgead a shaothrú fosta. Bhí na seanmhná maith san am, ag cniotáil, ag fuáil agus ag cócaireacht. Bhí patrúin acu féin fosta a d’fhoghlaim na mná óga uathu. Bhíodh siad ag maistriú (ag buaileadh bainne agus ag déanamh im tíre). Bláthach agus préataí a bhíodh acu leis an dinnéar. Gruth buí a thugtaí ar an bhainne bhí ann i ndiaidh bó breith agus bhruití potaí de, bhí leigheas ann dona súile. Bhí a gcuid aráin féin acu, le cois cearca agus lacha, chuirtí na huibheacha siar an tsiopa lena díol. Bhí saol breá acu agus bhí siad sásta. | 00:05:45 | |